Nuachtlitir Meán Fómhair
Imeachtaí
Tá mí spraíúil romhainn! Neart imeachtaí pobail ag tosú agus ag atosú, chomh maith le deireadh seachtaine lán le hOíche Chultúir agus Féile na bPuiteachaí.
Lainseáil muid cártaí poist an tseachtain seo caite freisin, ina bhfuil flóra agus fána áitiúil, chomh maith le sainchomharthaí Inis Meáin. Cliceáil an cnaipe thíos chun do chinn féin a fháil, nó téigh go dtí an chéad leathanach eile chun a fheiceáil cén chuma atá orthu!

Tionscadail & Forbairt
Projects | Update |
Cártaí poist | ![]() |
Oíche Chultúir | Táimid ag lorg óstaigh d'Oíche Bothántaíocht mar chuid d'Oíche Chultúir - tá liúntas ar fáil le haghaidh sólaistí. Téigh i dteagmháil le Eímear má tá suim agat. |
Oibrí Óige Inis Meáin | Tá post páirtaimseartha mar Oibrí Óige ar Inis Meáin á thairiscint ag Muintearas. Dhá lá nó 16 uair an chloig sa tseachtain. |
Nuacht Eile
Comhghairdeas chuig an gceathrar ghasúir agus beirt déagóirí ón oileán a thosaigh ar an mbunscoil agus ar an meánscoil le déanaí!
Gnó na Míosa
Teach Ósta Inis Meáin
Tar éis samhradh thar a bheith gnóthach, táim cinnte go bhfuilimid uilig buíoch as an bhfáilteachas iontach i dTeach Ósta Inis Meáin - an áit is fearr le bia a fháil ar an oileán!

Buaicphointí Pobail
Ag dul ar deiseal, ag tosnú ag barr ar chlé: Rásaí Inis Meáin, Marilyn sa Mhuir ar mhaith le Women’s Cancer Care sa Mater Hospital, Seoladh leabhrán, agus Campa Cadhcáil
Gailearaí ó Mhí Lúnasa
Seolta isteach ag Mícheál Ó Conchúir
Bí i dteagmháil
Má tá scéal nó grianghraf agat don chéad nuachtlitir eile, ba bhreá linn cloisteáil uait. Seol do chuid ábhar chuig gaeilgeinismeain@gmail.com
.png)




Comments