top of page
Lógó (3).png

Nuachtlitir Iúil

Imeachtaí

Tá mí Iúil linn, agus lán le féilte!


Ceiliúrann Féile Farraige ár nasc leis an bhfarraige, is é Lá na mBan lá rása na mban, ceiliúradh ar na mná a bhrúann ár n-oileán chun cinn, agus taispeánann Rásaí Inis Meáin saol an oileáin i mbealach bríomhar


Thosaigh muid ag bailiú airgid an mhí seo chaite le haghaidh clós súgartha agus cúirt liathróid láimhe, agus bheimis buíoch as do thacaíocht.





Tionscadail & Forbairt

Tionscadail

Uasdátú

Clós Súgartha

Tá obair tosaithe ar an gclós súgartha taobh thiar den Ionad Pobail

Teachín Teolaí

Ar oscailt 5 lá sa tseachtain i mí Iúil!

Tiomsú airgid - clós súgartha agus cúirt liathróid láimhe

Thosaigh muid ag bailiú airgid an mhí seo chaite le haghaidh clós súgartha agus cúirt liathróid láimhe, agus bheimis buíoch as do thacaíocht. Is féidir leat tacú linn anseo.



Nuacht Eile

Tá Campa Samhraidh Inis Meáin ar oscailt anois i gcomhair clárúcháin. Beidh an campa á reachtáil ó 6 - 10 Iúil agus 27 - 31 Iúil 2026. Is féidir spás a chur in áirithe anseo.


Gnó na Míosa

Juda's Craft Shop

Rugadh agus tógadh an bhean oilte, Juda ar Inis Meáin. Úsáideann sí a timpeallacht agus an nádúr le táirgí a dhéanamh ó adhmad raice, clochaí agus tuilleadh atá le feiceáil agus le díol ina shiopa ceardaíochta sa samhradh.



Buaicphointí Pobail

Ag dul ar deiseal, ag tosnú ag barr ar chlé: Tionól Gaeltacht le Conradh na Gaeilge, Oíche 'le Shin Sheáin, Cruinniú na nÓg, agus grúpa ón gCúrsa Gaeilge



Gailearaí ó Mhí Meithimh



Bí i dteagmháil

Má tá scéal nó grianghraf agat don chéad nuachtlitir eile, ba bhreá linn cloisteáil uait. Seol do chuid ábhar chuig gaeilgeinismeain@gmail.com

 
 
 

Comments


bottom of page