.png)
Lúbshúilóidí ar Inis Meáin

Lúb Chill Cheanannach
10km, 3.5 uair
Cosáin réidhe timpeall na sean-reilige agus na heaglaise meánaoiseach. Oiriúnach do gach aois agus leibhéal.
Le linn na siúlóide seo feicfidh tú:
-
Teach Synge
-
Séipéal le fuinneoga Harry Clarke
-
Cill Cheanannach
-
Teachín Teolaí (sána Inis Meáin)
-
Radharcanna iontach trasna an chuain
-
Trá Leitreach
Agus go leor eile!

Lúb Dún Fearbhaí
13km, 4.5 uair
Dreapadóireacht agus dromchlaí míchothroma in áiteanna. Moltar bróga agus éadaí speisialta siúil.
Le linn na siúlóide seo feicfidh tú:
-
Teach Synge
-
Séipéal le fuinneoga Harry Clarke
-
Aillte an Mhothair
-
Dún Chonchúir agus Dún Fearbhaí
-
Cill Cheanannach
-
Trá Leitreach
Agus go leor eile!
Siúlóid Bláthanna Fiáine



Bain taitneamh as saibhreas na mbláthanna fiáine in Inis Meáin agus foghlaim faoi na húsáidí traidisiúnta agus faoi na scéalta béaloidis a bhaineann leo ar shiúlóid threoraithe i gcuideachta Aedín Ní Thiarnaigh.
Is craoltóir, scríbhneoir agus béaloideasaí í Aedín Ní Thiarnaigh a bhfuil cónaí uirthi in Inis Meáin le roinnt blianta anuas agus a bhfuil cáil uirthi as ucht na cláracha teilifíse dúlra a chuireann sí i láthair do RTÉ agus TG4 agus as ucht an chuntais @BlathannaFiaine ar Instagram.
Sa bhliain 2024 d’fhoilsigh Aedín a cuid taighde ar bhéaloideas na mbláthanna in Inis Meáin sa leabhrán ‘Pabhsaeir Inis Meáin’, i gcomhar le Pleanáil Teanga Inis Meáin agus Oifig Bithéagsúlachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Is féidir ‘Pabhsaeir Inis Meáin’ a léamh ar líne anseo.
Maireann siúlóidí treoraithe Bláthanna Fiáine thart ar 1.5 uair an chloig agus is féidir áirithint a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig blathannafiaine@outlook.com
€25 in aghaidh an duine a bhíonn ar shiúlóid threoraithe do ghrúpaí a bhfuil cúigear nó níos mó ann. Is féidir áirithint a dhéanamh do ghrúpa níos lú ach iarratas a dhéanamh.
