top of page
Lógó (3).png

Nuachtlitir Lúnasa

Imeachtaí

Beidh seoladh de Leabhrán ‘Cladaí Inis Meáin’ le hAedín ní Thiarnaigh ar siúl ar siúl ar an 23ú lá den mhí seo. Is leabhrán é bunaithe ar thaighde sa bpobal maidir leis na sliogáin agus feamainn atá le fáil sa gcladach ar Inis Meáin.


Thosaigh muid ag bailiú airgid an mhí seo chaite le haghaidh clós súgartha agus cúirt liathróid láimhe, agus bheimis buíoch as do thacaíocht.




Tionscadail & Forbairt

Tionscadail

Uasdátú

Oíche Chultúr

Táimid ag lorg óstaigh d'Oíche Bothántacht mar chuid d'Oíche Chultúir - tá liúntas beag ar fáil le haghaidh sólaistí. Téigh i dteagmháil le gaeilgeinismeain@gmail.com má tá suim agat.

Tiomsú airgid - clós súgartha agus cúirt liathróid láimhe

Tá muid ag bailiú airgid le haghaidh clós súgartha agus cúirt liathróid láimhe, agus bheimis buíoch as do thacaíocht. Is féidir leat tacú linn anseo.



Nuacht Eile

Míle buíochas go chuile duine a thacaigh linn leis an raifil ar mhaithe don chlós súgartha agus cúirt liathróid láimhe - bhailigh muid nach mór míle euro, agus is mór dúinn bhur dtacaíocht. 



Gnó na Míosa

Damiens Doodles

Ónar bhog sé go hInis Meáin cúpla bliain ó shin, tá cáil ar Damiens anois mar gheall ar a chuid breacphictiúir - tá an-tóir ar an bprionta is déanaí de bhláthanna fiáine Inis Meáin.



Buaicphointí Pobail

Ag dul ar deiseal, ag tosnú ag barr ar chlé: Féile Farraige, Campa Samhraidh, Ambasadóir na Breataine chun na hÉireann ar chúrsa Gaeilge linn, agus Seachtain Sábhailteacht Snámh.



Gailearaí ó Mhí Iúil



Bí i dteagmháil

Má tá scéal nó grianghraf agat don chéad nuachtlitir eile, ba bhreá linn cloisteáil uait. Seol do chuid ábhar chuig gaeilgeinismeain@gmail.com

 
 
 

Comments


bottom of page