.png)

Tá ríméad ar Phleanáil Teanga Inis Meáin a fhógairt go bhfuil cónaitheachtaí bronnta ar ealaíontóirí chun tréimhse a chaith ar Inis Meáin i mí na Samhna 2026: ceann d'fhile agus ceann do chleachtóir amharclannaíochta, iad araon ag obair trí mheán na Gaeilge.


Is scríbhneoir agus taibheoir dátheangach í Ciara Ní É a chruthaíonn filíocht, drámaí agus scannáin. Tá a cuid filíochta curtha i láthair aici i bPáras, i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, ar fud na hÉireann ag féilte agus in ionaid lena n-áirítear Electric Picnic; IMMA; An Ceoláras Náisiúnta agus Áras an Uachtaráin. Foilsíodh a cuid oibre in Poetry Ireland Review, Aneas agus Comhar, agus i ndíolamaí ar nós Bone and Marrow / Cnámh agus Smior, agus aistríodh go Gearmáinis, Fraincis, Breatnais, Gàidhlig na hAlban agus Corsaicis í. Is í bunaitheoir an imeachta filíochta REIC agus comhbhunaitheoir AerachAiteachGaelach í, agus ainmníodh í ar liosta 100 Women Changing Ireland de chuid an Irish Examiner.


Aisteoir, scríbhneoir agus aistritheoir é Kevin Hussey, arb as Contae Luimnigh ó dhúchas dhó. Bhí cónaí air i gConamara ar feadh ceithre bhliana ach anois tá sé lonnaithe i gCathair na Gaillimhe. Idir an stáitse agus an scáileán tá go leor bainte amach ag Kevin. Rinne sé ceithre sheó leis an Taibhdhearc: Wáltsáil Abhaile, Gaeltacht na Todhchaí, Ar An Dé Deiridh agus Lá Buí Bealtaine. Tá gearrscannán déanta aige, “Normáilte”, a chomóranns leathchéad bhliain den ghluaiseacht LADTA+ in Éirinn, agus bhí sé ina shagart paróiste ar Ros na Rún. Tá sé le feiceáil freisin sa tsraith idirlín An Poitín ar BlocTG4. Bíonn a chuid saothair bunaithe ar Ghaeilge na Gaeltachta, agus is mór aige an deis seo cónaitheacht a dhéanamh in Inis Meáin chun an ceangal sin a dhoimhniú.

Oileán speisialta í Inis Meáin a bhfuil fréamhacha domhain aici sna healaíona, ach go háirithe an amharclannaíocht agus an fhilíocht. Is ar an oileán mara seo a tháinig John Millington Synge fadó ag foghlaim Gaeilge agus ag tarraingt ionspráid as a thimpeallacht dá chuid drámaí agus a chuid fillíocht, ina measc na drámaí cáiliúla ‘Riders to the Sea’ agus ‘Playboy of the Western World’. Is anseo ar Inis Meáin a d’éirigh na filí Dara Beag, Peadar Mór agus an tSiúr Finín aníos, chomh maith leis an aisteoir agus scríbhneoir Macdara Ó Fátharta. Le blianta anuas, tá scríbhneoirí agus filí araon tagtha trasna ar n-oileán ar chúis amháin nó eile, agus mothaíonn siad go bhfuil spás ann dóibh chun a n-ábhar a thriail nó a fhorbairt i dteannta an pobal beag seo. Ina measc, fear Chabháin, John McManus, a rinne léitheoireachtaí poiblí dá
chuid drámaí i nDún Chonchúir le linn dó a bheith ag obair ar an oileán.
Nuair a thagann tú go hInis Meáin, tuigtear láithreach cén chaoi ar mhúscail an pobal, an tírdhreach agus an suaimhneas atá le fáil anseo samhlaíocht na healaíontóirí a bhí ann, agus lorg na h-áite le braith ina gcuid saothair.
Féach thíos le haghaidh tuilleadh sonraí maidir le hiarratas a dhéanamh nó spéis a léiriú i gcónaitheachtaí a d'fhéadfadh a theacht aníos amach anseo!
.jpeg)
.png)
_JPG.jpg)