.png)

Ag teacht go hInis Meáin

Aran Island Ferries
Cuireann Aran Island Ferries seirbhís farantóireachta ar fáil dhá uair sa lá ar fáil go hInis Meáin, ag fágáil ó Ros a' Mhíl ag 10:30 agus ag 18:00 (18:30 Dé hAoine).
Cuireann siad seirbhís bus ar fáil ó Chathair na Gaillimhe freisin, nó is féidir páirceáil ag an gCalafort ar tháille €8 in aghaidh an lae.

Aer Árann
Cuireann Aer Árainn seirbhís eitleáin ar fáil cúpla uair sa lá. Tá seirbhísi bus ón gcathair ar fáil freisin, nó is féidir páirceáil saor in aisce ag an aerstráice. Tuilleadh sonraí ar a suíomh gréasáin, ag an nasc thíos.
Ag dul timpeall an oileáin

Ar fáil ó Mháirtín, in aice le Cois Cuan B&B.
Déan teagmháil le: 087 972 8796
Rothair - Máirtín
Tá rothair leictreacha, clasaiceacha agus rothair do dhaoine óga ar fáil le cur in áirithe ar líne anseo, agus buailfear leat ar an gcéibh nuair a thagann tú.
Rothair - Eoghan
Seirbhís tacsaí áitiúil.
Déan teagmháil le: 087 248 2637
Tacsaí - Brídín
Seirbhís tacsaí áitiúil.
Déan teaghmháil le: 087 652 6263
Tacsaí - Micilín
Ag siúl
Tá an t-oileán insiúlta, agus tá an príomhbhaile thart ar 30 - 40 nóiméad siúil ón gcéibh. Tá trí lúbshiúlóid leagtha amach anseo.
Seirbhísí ar Inis Meáin
Siopa Ruaidhrí Beag

Is é seo an t-aon siopa ar an oileán, agus is féidir leat na rudaí atá uait a fháil anseo.
Tá Oifig an Phoist anseo chomh maith, le rochtain chuig seirbhísí bainc AIB agus Banc na hÉireann.
Uaireanta Oscailte an tsamhraidh:
Luain go hAoine: 10:30 - 17:00
Dé Sathairn: 10:30 - 16:00
Dé Domhnaigh: 12:00 - 14:00
Altra
Tá altra lánaimseartha ar Inis Meáin. Molaimid d’aon duine a thagann chuig an oileán a chinntiú go dtugann siad a gcuid cógas go léir leo, mar ní cógaslann ar fáil. Déanaimid ár ndícheall freastal ar gach cás éigeandála, ach ba chóir do gach cuairteoir cógas rialta a thabhairt leo.
Teach Ósta
Biachlár iomlán ar fáil sa samhraidh
Uaireanta oscailte an tsamhraidh.
Luain go hAoine:
Oscailte ag 12:00 (meánlae)
Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh: Oscailte ag 13:00
Caifé Synge
Is bothán caife é seo taobh amuigh den Ionad Pobail, a chuireann tae, caife agus sneaiceanna ar fáil.
Beidh uaireanta oscailte an tsamhraidh ar fáil go luath.
Lóistín
Cuireann ár leathanach lóistín liosta do gach áit le fanacht ar Inis Meáin ar fáil duit - ó leaba agus bricfeasta, féinfhreastal agus tuilleadh - mar aon le sonraí teagmhála agus faisnéis bhreise.
Molaimid duit áirithint a dhéanamh go luath sa bhliain, toisc go bhfuil líon teoranta lóistín ar fáil agus go líonfar go tapa é i rith an tsamhraidh agus le linn féilte.
Is féidir leat breathnú ar ár leathanach iomlán lóistín thíos:
Chruthaigh ealaíontóir cumasach áitiúil, Damien, léarscáil nua den oileán i 2025.
Is féidir leat an leagan is déanaí a fheiceáil anseo, ina bhfuil nótaí faoi ghníomhaíochtaí do dhaoine fásta agus do ghasúir, cultúr, lóistín, seirbhísí, agus aon rud eile a d’fhéadfadh a bheith uait.
Is féidir leat leagan PDF den léarscáil a íoslódáil thíos freisin.
Léarscáil Inis Meáin


Conas do chuid ama a chaitheamh ar Inis Meáin
Féach thíos samplaí de phlean turais le moltaí maidir le céard gur féidir a dhéanamh ar Inis Meáin. Glactar leis sna pleananna turais seo nach bhfuil aon imeachtaí ar siúl - bí cinnte ár leathanach imeachtaí a sheiceáil, mar is minic go mbíonn ceol sa Teach Ósta, imeachtaí pobail, nó féilte ar siúl.
10:30 - Fágann an bád Ros a' Mhíl
11:15 - Tagann tú go hInis Meáin
12:00 - Siúil go Séipéal Muire Gan Smál agus Eoin Baiste chun fuinneoga ó stuideó Harry Clarke a fheiceáil. Seans go bhfeicfeá fiadhúlra ar an mbealach!
12:30 - Teach Ósta Inis Meáin le haghaidh lóin álainn
14:00 - Siúil go Teach Synge agus foghlaim faoi thréimhse J.M. Synge ar Inis Meáin.
15:00 - Dreap Dún Chonchúir agus gheobhaidh tú radharc 360 ar an oileán
15:30 - Tabhair cuairt ar an siopa le haghaidh caife agus sneaiceanna
15:50 - Siúil ar ais síos go dtí an céibh
15:50 - Siúil ar ais síos go dtí an céibh
15:50 - Siúil ar ais síos go dtí an céibh
16:40 - Fágann an bád Inis Meáin
15:50 - Siúil ar ais síos go dtí an céibh
17:30 - Tagann an bád ar ais go Ros a Mhíl
1
Coinnigh Inis Meáin saor ó bhrúscar, bain úsáid as na boscaí brúscair atá timpeall an oileáin. Molann muid buidéil uisce agus cupáin te in-athúsáidte a thabhairt leat chun an líon brúscair a laghdú anseo.
Cód an Chuairteoira
Bí mar chuid den phobal
Is pobal beag de thart ar 180 duine é Inis Meáin. Iarraimid ort meas a bheith agat ar an oileán, ar na daoine agus ar an timpeallacht agus sibh anseo.
1
Coinnigh Inis Meáin saor ó bhrúscar, bain úsáid as na boscaí brúscair atá timpeall an oileáin. Molann muid buidéil uisce agus cupáin te in-athúsáidte a thabhairt leat chun an líon brúscair a laghdú anseo.
2
Ná bí ag dreapadh ar na h-iarsmaí stairiúla ar an oileán agus ná bain aon phíosaí de na suíomhanna.
3
Rothaigh go cúramach in aon líne agus coinnigh ar chlé i gcónaí.
4
Ná pioc aon phabhsaer, tá cuid acu neamh-choitianta agus faoi chosaint an dlí.
5
Bí goiliúnach don phobal óstach agus bíodh meas agat ar a gcuid príobháideachas.
6
Ná tóg cromleaca macasamhail ná galláin ar an oileán.
7
Fan ar na bóithre agus ar na cosáin agus ná leag aon chlaí.
8
Ní bog / leag lámh ar aon treallamh iascaireachta ná aon treallamh eile atá fágtha ar na céibheanna.
9
Ná las tinte ar an talamh ná ar na tránna – is riosca sláinte agus sábháilteachta atá ann do na hainmhithe feirme agus d’úsáideoirí eile.
10
Bí áirdeallach faoi chumhacht na farraige agus na contúirtí a théann leis – ná cas do dhroim leis an bhfarraige ariamh.
