top of page
Lógó (3).png
IMG_5038.JPG

Le déanamh agus le feiceáil

Imeachtaí

  • Radharc Inis Meáin 3.png

    I rith míonna an tsamhraidh, bíonn go leor féilte agus imeachtaí éagsúil ar Inis Meáin. Bíonn parkrun ar siúl i rith na bliana, ceol sa Teach Ósta, agus go leor eile.

    Féach ar ár bhféilire imeachtaí
  • Teachín Teolaí 2_edited.jpg

    Is beag bealach is fearr le hInis Meáin a bhlaiseadh ná ó theas Theachín Teolaí. Is tearmann é an sána adhmaid seo don teas, don chiúnas, agus don Atlantach fiáin timpeall ort. Téigh amach, anáil aer na farraige isteach, agus lig don oileán a dhraíocht a imirt ort.

  • DSC01949_JPG.avif

    Rothair ar cíos

    Ar fáil ó Mháirtín, in aice le B&B Cois Cuan. Teagmháil: 087 972 8796


    Ar fáil ó Rothaí Inis Meáin - rothair leictreacha, clasaiceacha, agus rothair do dhaoine óga ar fáil le cur in áirithe ar líne anseo, agus buailfear leat ar an gcéibh nuair a thagann tú.

  • WhatsApp Image 2026-06-25 at 13.25.42.jpeg

    Rugadh agus tógadh an bhean oilte, Juda Uí Loinsigh ar Inis Meáin. Úsáideann sí a timpeallacht agus an nádúr le táirgí a dhéanamh ó adhmad raice, clochaí agus tuilleadh atá le feiceáil agus le díol ina shiopa ceardaíochta sa samhradh.

    Tá táirgí Mary Mac Nelis ar fáil sa siopa seo chomh maith. Is fíodóir í Mary a bhíonn á fhíodóireacht i nDún na nGall ag bun Sliabh Liag. Is as Baile Átha Cliath í ach cuairteoir rialta go hInis Meáin í.

Siúlóidí agus nádúr

  • DJI_0188_edited.jpg

    Tá trí lúb siúlóidí álainn ar Inis Meáin a thugann timpeall an oileáin thú – Lún Dún Chonchúir, Lún Chill Cheanannach, agus Lúb Dún Fearbhaí. Is bealach iontach iad chun go leor den oileán a fheiceáil i dtréimhse ghearr, le marcanna slí do gach ceann acu.

  • orchid-.webp

    Bain taitneamh as saibhreas na mbláthanna fiáine in Inis Meáin agus foghlaim faoi na húsáidí traidisiúnta agus faoi na scéalta béaloidis a bhaineann leo ar shiúlóid threoraithe i gcuideachta Aedín Ní Thiarnaigh. 

     

    Is craoltóir, scríbhneoir agus béaloideasaí í Aedín Ní Thiarnaigh a bhfuil cónaí uirthi in Inis Meáin le roinnt blianta anuas agus a bhfuil cáil uirthi as ucht na cláracha teilifíse dúlra a chuireann sí i láthair do RTÉ agus TG4 agus as ucht an chuntais @BlathannaFiaine ar Instagram.

    Maireann siúlóidí treoraithe Bláthanna Fiáine thart ar 1.5 uair an chloig agus is féidir áirithint a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig blathannafiaine@outlook.com

     

    €25 in aghaidh an duine a bhíonn ar shiúlóid threoraithe do ghrúpaí a bhfuil cúigear nó níos mó ann. Is féidir áirithint a dhéanamh do ghrúpa níos lú ach iarratas a dhéanamh.

  • Curlew.jpg

    Más é go dtaitníonn éanbhreathnú leat, is í Inis Meáin an áit le bheith! Tá réimse leathan éin le feiceáil ar Inis Meáin. 

    Éin annamh mar shampla an crotach, an puifín agus pilibín nó éanacha coitianta cosúil leis an chadhan, an dreoilín agus, dar ndóigh, an spideog.

    Siúl amach ag na haillte agus caith súil i dtreo na farraige. Seans go bhfeicfidh tú liamhán gréine a dtagann go hÉirinn don Earrach agus an tSamhraidh. 

     

    Is é pabhsaer an focal a úsáidtear ar Inis Meáin in áit bláth.

     

    Tá meascán plandaí Alpach, as an Meánmhuir agus an tArtach le feiceáil ar Inis Meáin, mar gheall ar aeráid éagsúil atá againn.

     

    Is áit den scoth í an t-oileán le foráiste a dhéanamh! Tá Babbington’s Leek (nó Gairleog Fhiáin mar a ghlaoitear ar Inis Meáin), ruachán fiáin, meacan agus leitís mhara, Sic Salún, Airgead Luachra agus go leor eile.

  • Claí 5_edited.jpg

    Úsáidtear an focal claí le haghaidh balla ar na hOileáin Árann.

    Tá líonra claíochaí a shíneann thar bhreis agus 500 míle ar Inis Meáin a léiríonn cruthaíocht agus oiriúnú muintir an oileáin.

    Tógadh formhór de na claíochaí seo sna seachtóidí nuair a bhunaigh an rialtas scéim le fostaíocht a chruthú do mhuintir an oileáin. 

    Ach ní sin le rá nach rachann an traidisiún seo siar níos faide. Tógadh claíochaí fadó chun na mílte clocha a bhí scaipthe ar thalamh an oileáin a bhailiú agus a stóráil. Ghlan siad an talamh agus ansin chruthaigh siad buailte le feamainn agus gaineamh. 

    Bhí cuspóir eile ag na claíochaí; thug siad foscadh don fhód úr a bhí cruthaithe ó ghaotha géara an Atlantaigh. 

  • Dark skies_edited.jpg

    Tá Inis Meáin scoite ón mórthír agus dá réir bíonn na réaltaí le feiceáil go soiléir san oíche. I bhfad ó thruailliú solais, tá an difríocht suntasach le haithint. Tá an t-oileán dorcha, ciúin, agus leis an Atlantach ar thrí thaobh, níl aon rud idir tú féin agus Bealach na Bó Finne.


    Chun an leas is fearr a bhaint as seo, má thugann tú cuairt i mí an Mhárta/Aibreáin, nó i mí Mheán Fómhair/Deireadh Fómhair, buailfidh tú am iontach nuair a éiríonn sé dorcha go luath go leor chun iad a fheiceáil, agus is dóichí go mbeidh an spéir glan ó scamaill.

    Mura ndearna tú aon réalta-fhéachaint riamh cheana, nó más mian leat an leas is fearr a bhaint as oíche shoiléir, is féidir leat pacáiste tosaithe spéartha dorcha a fháil ar iasacht saor in aisce ón Ionad Pobail. Tá déshúiligh, leabhrán eolais, agus tóirse dearg ann. Gach rud a theastaíonn uait chun tús a chur leis an réalta-fhéachaint!

Tránna agus Aillte

Tá difríocht mhór le feiceáil idir tírdhreacha an cósta idir oirthear agus iarthar an oileáin. Amach thiar, tá an tAigéan tar éis an aolchloch a ghearradh ina haillte, poill séideáin, uaimh mhara agus uláin nádúrtha a úsáidtear go háitiúil mar áit le dul ag iascach.

 

Amuigh ar na hailltreacha, feicfidh tú buláin le snámh, poill séideáin ag séideadh uisce suas san aer agus na héin fharraige a úsáideann h-uláin le foscadh a thabhairt dá n-uibheacha agus dá n-óige. Tabhair picnic leat agus bí ar do shuaimhneas faoin síochán agus sa dúlra.

Más é go dtaitníonn snámh leat, nó súil go mall le do chosa san uisce nó ag bailiú sliogáin, coiréil agus clocha, tá trá ar Inis Meáin duitse.

Taobh thiar den aerstráice tá ceann gainimh, tearmann a shíneann breis is ciliméadar. Tríd an samhradh, bíonn roilligh, geabhróg beaga agus éanacha eile ag neadú sna dumhcha agus tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi seo. Coinnigh madraí ar iall agus déan iarracht gan a bheith ag siúl sna dúnta le linn na h-ama seo.. 

 

Mar gheall ar an shruth, ní hí ceann gainimh an áit is sábháilte chun dul ag  snámh ar an oileán. Buaileann grúpa snámh le chéile go rialta ag céibh an chóra nó ag sean chéibh an chaladh mhóir.

Stair agus Oidhreacht

  • WhatsApp Image 2026-04-20 at 14.59_edited.jpg

    Tá Inis Meáin ar cheann de na háiteanna is iontaí in Éirinn ina bhfuil lorg na staire fós le braith agus aithint ina thimpeall. Ó dhúnta cloiche ársa agus botháin coirceogacha go toibreacha naofa, cloch Aifrinn, na heaglaisí agus na reiligeacha atá fós i gcroílár an phobail.

    Tugann Teach Synge, áit ar chaith J.M. Synge samhraidh, agus Cathaoir Synge, an suíochán ar bharr aille inár shuí sé chun smaoineamh agus scríobh, stair liteartha don oileán a mheallann cuairteoirí ó gach cearn den domhan.

    Do dhuine ar bith gur mian leo níos mó a fháil amach faoi na suíomhanna seo, tá Suíomhanna Stairiúla Inis Meáin, scríofa ag Oifig Phleanála Teanga Inis Meáin, atá ar fáil le ceannach inár siopa. Is áis chabhrach é le tabhairt leat ar shiúlóid timpeall an oileáin.

    Leabhrán suíomhanna stairiúla Inis Meáin
  • 515303990_24329906129936586_56611577767513591_n.jpg

    Ní féidir leat Inis Meáin a fhágáil gan cuairt a thabhairt ar Séipéal Muire gan Smál & Naomh Eoin Baiste chun fuinneoga Harry Clarke a fheiceáil. Tháinig gach fuinneog sa séipéal seachas ceann amháin ó stiúideo Harry Clarke, an féidir leat an ceann chorr a aimsiú? 

    Rugadh Harry Clarke in 1889 i mBaile Átha Cliath. Ba maisitheoir é a athair a bhunadh comhlacht maisitheoir séipéil. Seo, is dóigh, an áit inár tháinig sé ar a thallann. 

    Tagann daoine ó fud fad an domhain le fuinneoga Harry Clarke a fheiceáil agus tá muid an-bhuíoch go bhfuil ár gcuid féin againn anseo ar Inis Meáin.

    Ní hiad na fuinneoga amháin a bhfuil ceangal stairiúil acu. Tá an altóir snoite as aolchloch ag James Pearse, athair Phádraig Mac Piarais. 

    Tá an chroch chéasta ó na 1800idí le feiceáil chomh maith a bhí tógtha as an sean séipéal, atá déanta as aolchloch chomh maith agus snoite le láimh.

bottom of page