top of page
Lógó (3).png

Nuachtlitir Deireadh Fómhair

Imeachtaí

Tá deireadh ceart tagtha leis an samhraidh, ach is féidir linn breathnú chun cinn anois chuig neart imeachtaí pobail atá ag tarlú i mí Deireadh Fómhair! Má tá suim agat i gceol, Gaeilge nó in aclaíocht a dhéanamh, tá imeacht ann duit.



Tionscadail & Forbairt 

Tionscadail

Uasdátú

Tithe Folmha

8 Deireadh Fómhair 

11:30 - 16:00, Ionad Pobail


Beidh cruinniú maidir leis na tithe folmha ar súil an tseachtain seo chugainn. Beidh ionadaithe ann ón gComhairle Contae, ACT Studio, agus CFOAT. 


Beidh Oifigigh Tithe Folmha ann ón gComhairle Contae agus an Údarás. Chomh maith leis sin, beidh dlíodóir ar fail chun clinicí a dhéanamh ar an lá.

Oibrí Óige Inis Meáin

Tá post páirtaimseartha mar Oibrí Óige ar Inis Meáin á thairiscint ag Muintearas. Dhá lá nó 16 uair an chloig sa tseachtain.



Nuacht Eile

Tá binsí nua curtha ag an gCaladh Mór, Scáthlán Snámha, agus san Ionad Pobail. Coinnigh súil amach do cheann eile ag teacht go luath!



Gnó na Míosa

Rothaí Inis Meáin

Tá an chéad samhradh do Rothaí Inis Meáin thart, agus a leithéid de shamhradh a bhí ann! Bhí sé iontach an oiread sin daoine a fheiceáil amuigh faoin aer i rith an tsamhraidh, ag fáil deis níos mó den oileán a fheiceáil ar na rothair.



Buaicphointí Pobail

Ag dul ar deiseal, ag tosnú ag barr ar chlé: Féile na bPuiteachaí, Oíche Chultúir, Ceardlann Seanchló, Cúrsa Gaeilge ó City of Dublin ETB.


Gailearaí ó Mhí Meán Fómhair

Glactha ag Máirtín Tom Mhóir, Cormac Coyne & Leah Blackmore


Bí i dteagmháil

Má tá scéal nó grianghraf agat don chéad nuachtlitir eile, ba bhreá linn cloisteáil uait. Seol do chuid ábhar chuig gaeilgeinismeain@gmail.com

 
 
 

Comments


bottom of page