Nuachtlitir Meithimh
- Comhlacht Forbartha Inis Meáin
- Jun 2
- 1 min read
Imeachtaí
Tá rud éigin ann do gach duine i mí an Mheithimh! Ióga gach Máirt, amhránaíocht tráthnóna Dé Céadaoin, agus Parkrun gach Satharn. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh Thionól na Gaeilge ó Chonradh na Gaeilge ag deireadh na míosa.
Bíonn Parkrun ar siúl gach Satharn - cláraigh thíos, nó nuashonraigh do shuíomh go hInis Meáin má tá tú cláraithe cheana féin!

Tionscadail & Forbairt
Tionscadal | Uasdátú |
Cúirt liathróid láimhe | Tá cead pleanála faighte againn don chúirt liathróid láimhe nua in aice leis an scoil! |
Teachín Teolaí | Ag lorg fostaí i gcomhair 15 uaire in aghaidh na seachtaine do Mheitheamh, Iúil agus Lúnasa |
Suíomhanna | An bhfuil talamh agat nach bhfuil mar SAC go mbeifeá sásta a dhíoladh nó a leasadh ar mhaithe le tionscnamh forbartha? Déan teagmháil linn leis an féidearthachtaí a phlé |
Nuacht Eile
Tá Cúl Camp Inis Meáin ar oscailt anois i gcomhair clárúcháin. Beidh an campa á reachtáil ó 3 go 7 Lúnasa 2026. Is féidir spás a chur in áirithe ag kellogsculcamps.gaa.ie
Gnó na Míosa
Inis Meáin Wildflower Honey
Tá Pat agus Martina Hanrahan ag díol a mil bláthanna fiáine álainn ó bhosca macántachta. €10 an crúsca, agus is féidir leat airgead tirim a fhágáil nó an cód QR a scanadh le haghaidh Revolut.

Buaicphointí Pobail
Ag dul ar deiseal, ag tosnú ag barr ar chlé: Glac sos ar Inis Meáin, Seachtain na Rothar, 'Age Strong, Live Long', Turas an Chlub Óige
Gailearaí ó Mhí Bealtaine
Bí i dteagmháil
Má tá scéal nó grianghraf agat don chéad nuachtlitir eile, ba bhreá linn cloisteáil uait. Seol do chuid ábhar chuig gaeilgeinismeain@gmail.com
.png)



Comments