Nuachtlitir Bealtaine
- Comhlacht Forbartha Inis Meáin
- Apr 30
- 2 min read
Imeachtaí
Tá an samhradh faoi lán seoil anois! Inis Iron Meáin ag an deireadh seachtaine, neart ceoil, spóirt, agus spraoi agus tá an chéad Margadh don Samhradh i mí Bealtaine - imeacht do gach éinne sa meascán sin.
Beidh ‘Glac sos ar Inis Meáin’ ar siúl ón 15 - 17 Bealtaine, deireadh seachtaine dátheangach iontach, le hobair anála, ióga, sána, siúlóidí agus tuilleadh.

Tionscadail & Forbairt
Tionscadail | Uasdátú |
Siopa an Chomhlachta Forbartha | Tá leabhrán suíomhanna stairiúla Inis Meáin agus ‘Cnuasach an Cead’ ar díol anois againn - is féidir leat teacht air anseo. |
Teachín Teolaí | Ag lorg fostaí i gcomhair 15 uaire in aghaidh na seachtaine do Mheitheamh, Iúil agus Lúnasa |
Tithe Fholamh | Tá an deontas Croí Cónaithe - Deontas Athchóirithe do Thithe Fholamh oscailte i gcónaí. Má tá ceisteanna agaibh nó má tá sibh ag lorg tuilleadh eolais nó cabhair le haon chuid den phróiseas, tar i dteagmháil linn nó buailigí isteach go dtí an Ionad Pobail am ar bith. |
Nuacht Eile
Tá dhá sheastán nua ag an gCaladh Mór réidh do shéasúr an tsamhraidh, ceann amháin leis an léarscáil turasóireachta nua atá deartha ag Damien, agus ceann eile ina bhfuil na trí Lúibíní - Dún Chonchúir, Cill Cheanannach, agus Dún Fearbhaí.
Gnó na Míosa
Bláthanna Fiáine
Shiúil leis an gcraoltóir dúlra agus an béaloideasóir Aedín Ní Thiarnaigh le haghaidh turas treoraithe bláthanna fiáine. Beidh an chéad turas eile ar siúl Dé Luain, 4ú Bealtaine. Tá ticéid ar fáil anseo.

Buaicphointí Pobail
Ag dul ar deiseal, ag tosnú ag barr ar chlé: Comórtas Peile na nOileán, Cuairteoirí lae ó na hollscoileanna ag fanacht ar caife, Cuid de na daltaí ó Choláiste Gaeilge na Cásca, Club Óige Inis Meáin
Gailearaí ó Mhí Aibreáin
Bí i dteagmháil
Má tá scéal nó grianghraf agat don chéad nuachtlitir eile, ba bhreá linn cloisteáil uait. Seol do chuid ábhar chuig gaeilgeinismeain@gmail.com
.png)



Comments