top of page
Lógó (3).png

Nuachtlitir Aibreáin

Imeachtaí

Beidh mí Aibreáin lán le spraoi! Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh na chéad daltaí don Choláiste Gaeilge an tseachtain seo chugainn, agus tá amchlár lán againn dóibh agus iad anseo.


Beidh ‘Glac sos ar Inis Meáin’ ar siúl ón 15 - 17 Bealtaine, deireadh seachtaine dátheangach iontach, le hobair anála, ióga, sána, siúlóidí agus tuilleadh.





 Tionscadail & Forbairt

Tionscadail

Uasdátú

Teachín Teolaí

Ag lorg duine sa mbreis chun tuilleadh uaireanta oscailte a chur ar fáil le linn an samhraidh.

Suíomhanna

An bhfuil talamh agat nach bhfuil mar SAC go mbeifeá sásta a dhíoladh nó a leasadh ar mhaithe le tionscnamh forbartha? Déan teagmháil linn leis an féidearthachtaí a phlé

Suíomh greasáin

Tá suíomh greasáin uasdátaithe á fhorbairt againn - má tá rud atá tú ag iarraidh a chur leis, abair linn!



Nuacht Eile

Tá an deontas Croí Cónaithe - Deontas Athchóirithe do Thithe Fholamh oscailte i gcónaí. Má tá ceisteanna agaibh nó má tá sibh ag lorg tuilleadh eolais nó cabhair le haon chuid den phróiseas, tar i dteagmháil linn nó buailigí isteach go dtí an Ionad Pobail am ar bith.



Gnó na Míosa

Soul Care with Sarah

Cuireann Sarah Lynch eispéiris chomhoibríocha lae ar fáil. Beidh a trí lá eile ar siúl Dé Sathairn 25 Aibreán, Dé Domhnaigh 24 Bealtaine, agus Dé Sathairn 13 Meitheamh.



Buaicphointí Pobail

Ag dul ar deiseal, ag tosnú ag barr ar chlé: Seoladh Jo Killalea, Turas Gaeltachta go dtí An Rinn, Caint ó Jacinta Barrins faoi hathrú aeráide, agus seoladh Cnuasach an Chead



Gailearaí ó Mhí an Mhárta



Bí i dteagmháil

Má tá scéal nó grianghraf agat don chéad nuachtlitir eile, ba bhreá linn cloisteáil uait. Seol do chuid ábhar chuig gaeilgeinismeain@gmail.com

 
 
 

Comments


bottom of page