

Tá an Coláiste “Gaeilge Inis Meáin” lonnaithe ar an oileán i lár báire d’oileáin Árann. Seoid ar an Atlantach ina gcaomhnaítear an teanga is an cultúr in áit atá thar a bheith sábháilte agus ciúin. Níl a sárú ann ó thaobh fáilte Uí Cheallaigh a fháil ón bpobal áitiúil agus tá radharcanna dochreidte le feiceáil. Níl an áit millte ag an turasóireacht agus is féidir meascadh le cainteoirí dúchasacha agus feabhas ar leith a chur ar do chuid Ghaeilge le blas binn Inis Meáin. Le foireann ardoilte, cuirfear ina luí ar dhaltaí gur teanga beo í an Ghaeilge agus gur féidir spraoi a bhaint as sa rang agus sna himeachtaí taobh amuigh den rang araon. Beidh líon teoranta dalta ar an gcúrsa ina dtabhrfar aird speisialta ar gach dalta.
Bígí linn agus lean lorg leithéidí Pádraig Mac Piarais, W. B. Yeats, J.M Synge, Eoin Mac Néill, Dubhghlás De Híde Lady Gregory, Éamon De Valera, Éamon Ó Cuív agus go leor eile, iad ar fad a tháinig anseo chuig Inis Meáin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Ranganna Gaeilge
Cúrsa
Dáta
Múinteoir
Costas
Cúrsaí Gaeilge 2026
Dátaí
Cúrsa
Múinteoir
Costas
Frequently asked questions

"Is múinteoir speisialta í Aedín!”
"D'fhoglaim mé go leor rudaí nua gach lá"
"Is maith liom foghlaim faoin gcultúr: an chniotáil, an t-iascach agus an siúl"
Na Múinteoirí
Aedín Ní Thiarnaigh
Is scríbhneoir Gaeilge, aistritheoir agus craoltóir í Aedín Ní Thiarnaigh a bhfuil cónaí uirthi in Inis Meáin le roinnt blianta anuas. Tá bunchéim aici sa Ghaeilge agus san Iriseoireacht (Ollscoil Luimnigh), mar aon le máistreacht i mBéaloideas agus Eitneolaíocht na hÉireann (Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath), agus Teastas Iarchéime i Léann an Aistriúcháin (Ollscoil na Gaillimhe). Tá Aedín ag teagasc le Gaeilge Inis Meáin ó 2022.
Emmet de Barra
Is as Baile Átha Cliath d'Emmet de Barra, is tá céim aige sa Ghaeilge is Stair ó Choláiste na Tríonóide. Faoi láthair, tá sé ag tabhairt faoi PhD sa Ghaeilge Chlasaiceach (mheánaoiseach) i gColáiste na Tríonóide, is cuireann sé an-spéis i stair agus cultúr na nGael ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann. Tá taithí na mblianta aige ag múineadh ranganna do dhaoine fásta le Conradh na Gaeilge, is díríonn a ranganna ar an tuiscint ar ghramadach is strúctúr na teanga mar aon le cruinneas na Gaeilge scríofa.
Aisling Ní Chonghaile
Is duine de bhunús an oileáin í Aisling Ní Chonghaile. Rugadh agus tógadh Aisling ar Inis Meáin agus is í an Ghaeilge a chéad teanga. Is múinteoir bunscoile í Aisling agus tá sí ag múineadh le cúig bliana déag anuas i ngaelscoileanna. Tá an-suim aici i gcúrsaí teanga. Bhain sí Máistreacht san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta amach i 2023 le Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Is breá le Aisling a bheith ag baile in Inis Meáin agus caitheann sí formhór a cuid laethanta saoire ar an oileán. Tá roinnt mhaith taithí ag Aisling a bheith ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta idir ábhar oidí, tosaitheoirí agus meánleibheál in Inis Meáin agus i gceantair Gaeltachta
eile. Díríonn a cuid ranganna ar ghnéithe difrúla den teanga, nathanna cainte áitiúla agus gnéithe gramadaí.
Aoife Ní Fhátharta
Faoi láthair tá Aoife ag cur fúithi i bPrág, Poblacht na Seice. Is as Inis Meáin a muintir ó dhúchas agus caitheann sí gach samhradh ar an oileán. Tá Aoife cáilithe mar dhlíodóir agus i 2008 rinne sí cúrsa ullmhúcháin sa dlítheangeolaíocht in Óstaí an Rí. Chomh maith leis sin bhain sí amach céim MA sa Ghaeilge Fheidhmeach. D’oibrigh sí mar Dhlítheangeolaí leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil agus ina dhiaidh sin mar dhlíodóir ar son chearta an duine leis na Náisiún Aontaithe san Eilvéis. Tá go leor taithí ag Aoife bheith ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta (idir mheánleibhéal agus cruinneas) i mBÁC le Gaelchultúr agus Conradh na Gaeilge agus ar fud an domhain.



