top of page
  • Cúrsa Gaeilge - Saibhreas Teanga

Cúrsa Gaeilge - Saibhreas Teanga

€150.00Price

Molaimid duit lóistín a fháil sula n-áirithíonn tú do chúrsa, mar is féidir teorainn a bheith le lóistín ag amanna áirithe ar an oileán.

 

Costas iomlán Cúrsa Saibhreas Teanga €350 (Éarlais €150 agus Fuílleach €200)

*Ní chlúdaíonn an táille seo ach spás sna ranganna, socruithe eile ar nós taisteal agus lóistín le socrú ag gach duine dóibh féin*

Tá spásanna teoranta, mar sin ceannaigh an táirge seo le spás a chuir in áireamh!

 

Cur síos ar an gcúrsa

Is cúrsa é seo a bheidh feiliúnach don duine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a chuid scileanna teanga. Bheadh an cúrsa seo an-fheiliúnach do mhúinteoirí nó do dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge cuir i gcás, daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu ach ar mhiste leo taithí níos fearr a fháil ar Ghaeilge na Gaeltachta agus ar an saibhreas teanga. Díreofar go mion ar an bhfoghraíocht sa chúrsa seo, agus ar Ghaeilge na Gaeltachta - le béim ar leith ar Ghaeilge Inis Meáin. Bainfear leas as filíocht agus próis sa chúrsa seo, chomh maith le taifeadtaí fuaime agus beidh idirghníomhaíocht leis an bpobal áitiúil mar chuid lárnach den chúrsa.

 

    bottom of page