Bunleibhéal 1 (A1)
Roghnaigh an cúrsa seo má tá tú ag tosú ón tús. B'fhéidir nach bhfuil aon Ghaeilge agat, nó nach bhfuil fágtha agat ach cúpla focal ón scoil. Ní gá aon taithí a bheith agat roimh ré. Foghlaimeoidh tú tú féin a chur in aithne, ceisteanna simplí a chur is a fhreagairt, agus tús a chur le comhrá.
Choose this course if you're starting from the very beginning. Maybe you have no Irish, or only a few words left from school. No previous experience needed. You'll learn to introduce yourself, ask and answer simple questions, and begin to hold a conversation.
Bunleibhéal 2 (A2)
Roghnaigh an cúrsa seo má tá bunús agat sa Ghaeilge cheana féin. Is féidir leat tú féin a chur in aithne, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus labhairt faoi na rudaí atá thart ort, m.sh. an lá inniu, do mhuintir, an áit as a dtagann tú. Anois tá tú réidh le dul níos faide: scéal a insint, do thuairim a thabhairt, agus comhrá níos faide a dhéanamh. Cuirfidh an cúrsa seo le do stór focal agus tabharfaidh sé an mhuinín duit níos mó Gaeilge a labhairt.
NB: Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal is feiliúnaí duit - cuir glaoch orainn, nó seol ríomhphost chugainn, agus cuirfimid comhairle ort.
Choose this course if you already have a basic foundation in Irish. You can introduce yourself, ask and answer questions, and talk about the things around you e.g., today, your family, where you come from. Now you’re ready to go further: to tell a story, give your opinion, and keep a conversation going for longer. This course will build your vocabulary and improve your confidence in Irish.
NB: If you’re not sure which level is most suitable for you, give us a call or send us an email, and we’ll advise you.
Meánleibhéal 1 (B1)
Roghnaigh an cúrsa seo má tá Gaeilge labhartha mhaith agat cheana féin; tú in ann comhrá a dhéanamh ar ábhair a bhfuil cur amach agat orthu m.sh. scéal a insint faoi rud a tharla, do thuairim a thabhairt agus í a mhíniú, fiú má dhéanann tú botún ó am go chéile. Díreofar ar roinnt croí-ghnéithe den ghramadach sa chúrsa seo (na bunaimsirí agus an modh coinníollach, inscne na n-ainmfhocal) chomh maith le cúrsaí foghraíochta, stór focal, agus an saibhreas teanga.
NB: Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal is feiliúnaí duit - cuir glaoch orainn, nó seol ríomhphost chugainn, agus cuirfimid comhairle ort.
Choose this course if you already have a good level of spoken Irish; you can tell a story about something that happened, give your opinion and explain it, even if you make mistakes now and again. This course focuses particularly on core aspects of grammar (basic tenses and the conditional tense, gender of nouns), along with pronunciation, vocabulary, and developing a richer command of the language.
NB: If you’re not sure which level is most suitable for you, give us a call or send us an email, and we’ll advise you.
Meánleibhéal 1 (B2)
Roghnaigh an cúrsa seo má tá tú compordach ag labhairt Gaeilge agus tú in ann caint faoi bhformhór na n-ábhar gan mórán stró. Anseo, dírímid ar líofacht agus ar shaibhreas cainte, do chuid Gaeilge a thabhairt chun foirfeachta.
(Más é mionchruinneas na gramadaí atá uait go háirithe, féach ar an seachtain Cruinneas, le bheith fógartha go luath.)
Choose this course if you're comfortable speaking Irish and can talk about most subjects without much effort. Here we focus on fluency and richness of expression, bringing your Irish to a real polish.
(If it's fine-grained grammar you're after in particular, look at the Cruinneas week, to be announced soon.)
Not sure?
Níl sa mhéid thuas ach treoir. Léigh na cuir síos is roghnaigh an ceann is cosúla leat, nó bain triail as an tástáil leibhéil ghairid seo. Tógfaidh sé 10 - 20 nóiméad.
The above is only a guide. Read the descriptions and pick the one that sounds most like you, or try this short level check. It will take 10 - 20 minutes.