top of page
Lógó (3).png

Bia & Deoch

Tá roghanna ar fáil maidir le bia & deoch a fháil ar an oileán, ach is féidir le sonraí nó roghanna athrú go séasúrach. Molann muid go láidir do aon duine ag teacht i rith na bliana nó in am chiúin fiosrúcháin a dhéanamh roimh ré!

oie_0CKucsDetCjn.png

Teach Ósta Inis Meáin

Bain taithneamh as deoch fuar nó béile ón mbiachlár: pizzas, iasc & sceallóga, burgéirí, goujons, wrap agus toasties! (Is féidir leis na roghanna bia laghdú nuair atá an samhradh thart, glaoigh chun roghanna a chinntiú) 

Bia ar fáil gach lá (uaireanta an tsamhraidh):

Lón 12:00 - 15:00

Dinnéar 18:00 - 20:00

Téigh ag Facebook don eolas is déanaí nó glao ar 099 73003

Screenshot 2024-11-28 at 11.16.09.png

Siopa Ruadhrí Beag

Pioc suas bhur táirgí beatha riachtanach, táirgí beatha áitiúil ina measc, nó déan cupán caife duit féin sa siopa áitiúil. Tá An Post lonnaithe anseo freisin.

Uaireanta Oscailte:

Dé Luain - Dé hAoine: 10:30 - 13:00, 14:00 - 17:00

Dé Sathairn: 10:30 - 13:00, 14:00 - 16:00

Dé Domhnaigh: 12:00 - 14:00

For any queries, please call 099 73136

Screenshot 2024-11-28 at 11.17.48.png

Caifé Synge

Más sneaic mhilis nó caifé atá uait, is é an leantóir caife an áit duitse. Tá réimse leathan deochanna ar nós caife, tae, deochanna milis agus seacláid té ar fáil chomh maith le roghanna barraí, muifíní agus milseáin. Roghanna decaf ar fáil chomh maith le tae luibhe. De ghnáth bíonn Caifé Synge suite taobh de Halla Naomh Eoin

Uaireanta Oscailte(i rith an tsamhraidh):

Dé Luain - Dé hAoine: 11:00 - 16:00

Dé Sathairn: 9:30 - 14:30

Dé Domhnaigh: 11:00 - 16:00

Seol aon cheist ar ríomhphost nó glaoigh ar 099 73961

2021-08-10.jpeg

An Dún

Cuireann Dún B&B béile trathnóna ar fáil do ghrúpaí atá ar cuairt chuig an oileán. Is gá áirthint a dhéanamh. 

Tuilleadh eolais ar fáil ag a suíomh idirlín.

bottom of page