top of page
Vera-Fabry-245-scaled.jpg

INIS MEÁIN BEO

Is eagraíocht forbartha pobail é Comhlacht Forbartha Inis Méain, atá lonnathaithe ar Inis Meáin, Oileáin Árann. Bunaíodh é in 2016 chun cabhrú leis an oileán a chur chun cinn, seirbhísí a chinntiú, an teanga a chaomhnú, maoiniú a mhealladh agus chun saol níos fearr a chinntiú do phobal Inis Meáin.

Tá Inis Meáin tar éis go leor scoláirí teanga, daoine mór le rá san litríocht agus ceannródaithe na gluaiseachta náisiúnta a ghabháil agus a mhealladh tríd na haoiseanna, chomh maith le luath lonnaitheoirí a thug iontas ailtireachta dúinn a mhair 6,000 bliain.

Tá súil againn go dtabharfaidh tú cuid den inspioráid seo leat nuair a thiocfaidh tú ar cuairt go hInis Meáin!

Fáilte do Inis Meáin

Is í Inis Meáin an t-oileán lár báire de na hOileáin Árann, suite i gCuan na Gaillimhe, amach ó chósta thiar na hÉireann. Tá daonra de timpeall 180 ag cónaí ar an oileán agus tá méadú tagtha ar an líon daoine atá ag cur fúthú san áit le roinnt blianta anuas, rud a thugann dóchas do mhuintir na háite maidir leis an todhchaí. Tá Inis Meáin caomhnaithe ag am agus ag traidisiúin. Tá cliú ar an oileán mar cheann de na ceantair is saibhre cultúir agus oidhreachta sa tír agus is í an Ghaeilge a labhraítear go laethúil anseo. I measc na h-áiseanna atá ar an oileán, tá bunscoil agus meánscoil, ionad sláinte, siopa, oifig an phoist, séipéal, monarchan cniotála, teach ósta, bialainn, tithe lóistín, páirc peile, páirc astro, páirc spraoi agus tránna áille. Is cinnte go gcuirfear céad míle fáilte romhat agus cuairt dhá thabhairt agat ar an oileán draíochta seo.

Tá lóistín d’árdchaighdeán thar a bheith tábhachtach ar do chuid laethanta saoire agus tá réimse maith lóistín le fáil ar Inis Méain a oireann do gach pearsantacht agus póca, idir svuít, leaba agus bricfeásta agus féin-fhreastal.

Nil féidir cuairt a thabhairt ar an oileán gan triáil a bhaint as na fataí is deise a d'ith tú riamh agus a bhfuil "cliú domhanda" orthu, chomh maith le crúba portáin úra!

Is féidir taisteal go hInis Meáin ar bhád as Ros a Mhíl nó as Dúlainn nó ar eitleán as Indreabhán.

Taisteal

Tit in grá leis na radharcanna atá le.

tairiscint ag Inis Meáin ar cheann de na tri shiúlóidi lúbtha atá leagtha amach ar an oileán. Tosaionn agus criochnaionn chuile shiúloid ag céibh an Chaladh Mhóir agus tá treoir do gach siúlóid le feiceáil go soiléar ar an mbealach.

Is í Gaeilge Inis Meáin an Coláiste Gaeilge atá ar an oileán a fhreastalaíonn ar dhaoine fásta agus ar dhéagóirí. Tá cliú agus cáil ar Inis Meáin mar Ghaeltacht agus ina measc siúd a tháinig go hInis Meáin chun feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge bhí Eoin Mac Néill, Pádraig Mac Piarais, J.M. Synge agus Éamon de Valera. Tá  tuilleadh eolais ar na cúrsaí Gaeilge ar fáil anseo: https://gaeilgeinismeain.wixsite.com/mysite

Gaeilge Inis Meáin

Tá nithe tarraingteach ag baint le stair an oileáin ar nós Cathaoir Synge, a bhfuil cáil dhomhanda air, fuinneoga daite Harry Clarke sa séipeál chomh maith leis na haillte iontacha atá amuigh ó dheas. Féach an rannóg “Le feiceáil ar Inis Meáin” le tuilleadh sonraí

Tit in grá leis na radharcanna atá le. tairiscint ag Inis Meáin ar cheann de na tri shiúlóidi lúbtha atá leagtha amach ar an oileán. Tosaionn agus criochnaionn chuile shiúloid ag céibh an Chaladh Mhóir agus tá treoir do gach siúlóid le feiceáil go soiléar ar an mbealach. Féach an rannog "Lúb-shiúlóidi" le h-eolas

a fháil ar na siúlóidí, chomh maith le reoir agus mapaí.

Lúb Siúlóidí

Le Feiceail ar Inis Meáin

Le Feiceáil ar Inis Meáin

Meas do chuid Gaeilge

Déan do chuid Gaeilge a mheas le Gaelchultúr

📝

Tá 100 ceist ar fad sa triail.Roghnaítear ceisteanna na trialach go randamach, mar sin beidh an triail difriúil gach uair a dhéanfaidh tú í.

💻

Tógann sé idir 10 agus 20 nóiméad ar an meán le déanamh.Más mian leat éirí as an triail roimh an deireadh, is féidir leat é sin a dhéanamh ach cliceáil ar an gcnaipe Torthaí na trialach.

👌

Roghnaigh an freagra ceart. Tá an triail seo grádaithe, mar sin éiríonn na ceisteanna níos deacra de réir mar a théann tú síos tríothu.

✉️

Gheobhaidh tú ríomhphost láithreach ina mbeidh do scór. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agus mícheart agat agus tabharfar na freagraí cearta duit.

MÁ TÁ GAEILGE LÍOFA AGAT ...

tá sé tábhachtach go ndéanfá na ceisteanna go léir sa triail seo a fhreagairt chun a chinntiú go mbeidh iontaofacht ag baint leis an scór a gheobhaidh tú.

MURA BHFUIL GAEILGE LÍOFA AGAT ...

b’fhearr duit éirí as na ceisteanna a fhreagairt agus cliceáil ar an gcnaipe Torthaí na trialach má thugann tú buille faoi thuairim i gcás cúpla ceist as a chéile.

Cúrsaí Gaeilge

Is í Gaeilge Inis Meáin an coláiste  Gaeilge ar an oileán

Ceann de na príomh aidhmneanna atá ag Comhalcht Forbatha Inis Meáin ná an Ghaeilge a chur chun cinn trí chúrsaí a chuir ar fáil do dhaoine fásta. Ritheann cúrsaí Ghaeilge Inis Meáin chuile shamhraidh agus feileann siad chuile leibhéal Gaeilge, is cuma más tosaitheoir thú nó duine atá líofa ach ag iarraidh blas Inis Meáin a chuir ar do chuid Gaeilge. Tá cáil i bhfad is i gcéin ar Ghaeilge Inis Meáin agus i measc na ndaoine a tháinig chuig an oileán le feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge bhí Eoin MAc Néill, Pádraig Mac Piarais, J.M. Synge agus Éamon de Valera. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na cúrsaí Gaeilge anseo 

Bialanna

Seomraí Só Inis Meáin
Teach Boirne + Teach na Curraigh

Ríomhphost: post@inismeain.com

Suíomh: inismeain.com

An Dún

Lón agus dinnéar ar fáil i rith an lae / Áirithint riachtanach don dinnéar

Fón: 087 6806251

Suíomh: inismeainaccommodation.ie

Roghchlár beáir ar fáil i rith an lae & tráthnóna

Facebook

Fón: 099 73003

Tigh Chonghaile

Béile tráthnóna – Áirithint ag teastáil

Suíomh: www.bbinismeain.com

Fón: 087 2035151

ACHAR AMA: 2 HR 30 MIN

Tír-raon: Bóithre le dromchla

Deacracht: Éasca – Measartha

Airde: 90m

8KM

Éasca
Go ginearálta cosáin réidh le dromchla mín agus roinnt fánaí mín nó céimeanna éadomhain. Go ginearálta bíonn na cosáin seo oiriúnach do ghrúpaí teaghlaigh lena n-áirítear leanaí agus daoine scothaosta. Is féidir gnáth-bhróga lasmuigh a chaitheamh.

Lúb Dún Chonchuir

ACHAR AMA: 4 HR 30 MINS

Tír-raon: Bóithre le dromchla

Deacracht: Éasca- Measartha

Airde: 450m

13KM

Measartha
D'fhéadfadh roinnt dreapadóireachta a bheith ar na cosáin seo agus d'fhéadfadh go mbeadh dromchla míchothrom orthu áit a bhfuil sé garbh faoi chois le roinnt constaicí cosúil le fréamhacha ag gobtha amach, carraigeacha, srl. Tá na bealaí oiriúnach do dhaoine le leibhéal measartha aclaíochta agus roinnt taithí siúlóide. Moltar bróga agus éadaí siúil faoi leith.

Lúb Dún Fearbhaí

ACHAR AMA: 3 HR 30 MIN

Tír-raon: Bóithre le dromchla

Deacracht: Éasca – Measartha

Airde: 120m

10KM

Éasca
Go ginearálta cosáin réidh le dromchla mín agus roinnt fánaí mín nó céimeanna éadomhain. Go ginearálta bíonn na cosáin seo oiriúnach do ghrúpaí teaghlaigh lena n-áirítear leanaí agus daoine scothaosta. Is féidir gnáth-bhróga lasmuigh a chaitheamh.

Lúb Cill Cheannannach

Lúb Siúlóidí

Tosaíonn agus críochnaíonn an trí shiúlóid ag Céibh an Chaladh Mhóir
B&B
Cois Cuain
B&B
Creig Mór
B&B
Tigh Chonghaile

AG FÁIL TIMPEALL AN OILEÁIN

Taxi

Bridín
087 2482637

Taxi

Michael
087 6526263

Rothar

Máirtín Ó Fátharta

087 9728796

  • Coinnigh Inis Meáin saor ó bhrúscar, bain úsáid as na boscaí brúscair atá timpeall an oileáin – Molann muid buidéil uisce agus cupáin te in-athúsáidte a thabhairt leat chun an líon brúscair a laghdú anseo.

  • Ná bí ag dreapadh ar na h-iarsmaí stairiúla ar an oileán agus ná bain aon phíosaí de na suíomhanna.

  • Rothaigh go cúramach in aon líne agus coinnigh ar chlé i gcónaí.

  • Ná pioc aon phabhsaer, tá cuid acu neamh-choitianta agus faoi chosaint an dlí.

  • Bí goiliúnach don phobal óstach agus bíodh meas agat ar a gcuid príobháideachas.

  • Ná tóg cromleaca macasamhail ná galláin ar an oileán.

  • Fan ar na bóithre agus ar na cosáin agus ná leag aon chlaí.

  • Ní bog / leag lámh ar aon treallamh iascaireachta ná aon treallamh eile atá fágtha ar na céibheanna.

  • Ná las tinte ar an talamh ná ar na tránna – is riosca sláinte agus sábháilteachta atá ann do na hainmhithe feirme agus d’úsáideoirí eile.

  • Bí áirdeallach faoi chumhacht na farraige agus na contúirtí a théann leis – ná cas do dhroim leis an bhfarraige ariamh.

CÓD CUAIRTEOIRÍ INIS MEÁIN

Is féidir taisteal go hInis Meáin ar bhád as Ros a Mhíl nó as Dúlainn agus ar eitleán as Indreabhán.

FLIGHTS

https://aerarannislands.ie (Flight to Inis Meáin)

FERRIES

https://www.aranislandferries.com (Ferry from Ros a Mhile)

https://www.doolin2aranferries.com (Ferry from Doolin)

https://doolinferry.com (Ferry from Doolin)

AG TAISTEAL CHUIG AN OILEÁN

Le Feiceáil ar Inis Meáin

Tuilleadh

Tháinig John Millingtion Synge go hInis Meáin den chéad uair i 1898 agus chuile shamhraidh go dtí 1902. Bhíodh an scríbhneoir agus an drámadóir cáiliúil ar lóistín sa teach seo le Muintir Dhonnchadha nuair a thiocfadh sé ar cuairt. Ní hé J.M. Synge an t-aon phearsa tábhachtach a chaith seal seo. I measc daoine polaitiúila agus léinn a d’fhan ann, bhí Pádraig Mac Piarais, Eoin Mac Néill...

Teach Synge

Seo é an áit a shuíodh Synge, ar bhruach na h-aille ar an taobh thiar den oileán. Ní haon ionadh é go raibh sé chomh tógtha leis an áit seo mar tá radharc trasna ar Shúna Ghréagóir, siar ar ailltreacha Inis Mór, amach ar an Aigéan Atlantach agus ó thuaidh ar Chonamara. Deirtear gur ins an áit sceirdiúil aerach seo agus é faoi dhraíocht ag ceol na farraige a fuair Synge ionspráid do go leor dhá dhrámaí.

Cathaoir Synge

Deirtear gur cill nó séipéal ón meánaois é, a raibh manaigh ina gcónaí ann. Tá an chill seo lonnaithe taobh istigh den sean-reilig ar an oileán. Cuireadh mairibh Inis Meáin sa reilig seo suas go 1940. Bhí an talamh sa reilig seo clochach go maith gan mórán cré ann. Is minic go gcuirtí cúigear nó seisear gaolta in aon uaigh amháin agus ansin cuireadh leacracha aolchloiche ós cionn an uaigh.

CILL CHEANNANNACH

Lóistín - B&B

bottom of page